School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 154
  3. XML “An Chéad Taibhse a Chuala mé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rith ann agus an chéad bhomaite eile leagadh an scréad agus an scairt is uathbhasaighe ar chualaidh mise ariamh. Shaoilfea gur thuit an tóin as an speir! Rud mar a bhí tarbh milteanach, mór, láidir ann 'na rith ag buifrigh agus ag geimhnigh ó cheann go ceann an ghleanna agus achan buifrigh níos mó agus níos láidre no an ceann eile.
    B'eigean dúinn a sheasamh annsin mar a bhí dhá stacan ann. Rinne muid iarraidh cupla thit a theacht na bhaile acht cha rabh a dhath a mhaith ann, bhí ann tarbh romhainn achan iarraidh, agus ní leigfeadh sé trasna an lug muid. Chaith muid an oidhche annsin ar thaobh an chnuic agus nuair a thoisigh sé ag éirigh geal ar maidin dimthigh an tarbh leis síos na beanna, agu buifrigh agus ag geimnigh agus ag baint mac-alla as na gcnocaibh.
    Dimthigh muid linn annsin agus cha rabh ann acht go rabh muid ábalta a shiubhail. Fuair muid an bhaile amach nuair a bhí sé geal i gceart agus cha rabh fhios ag na daoine sa bhaile caidé thainic orainn. Char dhubhairt muid moran fa dtaob de ar chor ar bith, acht cuirfidh me geall cha dteacaidh me go Lug an Thairbh ins an oidhche o'n lá sin go dtí an lá indiu, agus sé sin an chéad taidhbhse a chualaidh mé.
    Is iomdha uair a d'éist mé le na sean-dhaoine ag cainnt fa "Lug an Thairbh" agus an taidhbhse a bhí ann, agus is e an bharamail a bhí acú gur chuir sagart eiginteacht an taidhbhse annseo as áit eigin eile, ins an am fad ó - áit nach bhfuil duine ar bith na gcomhnuide - agus go mbéidh se annsin go deireadh an t-saoghail.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    c. 75