Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 275
- XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Teach Néill Uí Dhubhgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint
Choroin an iarraidh seo faoi fear dárbh ainm Cameron R.M. As Béal Feirste a b'eadh é. Chuir sé sraith de na Rifles agus de na saighdiuraí (R.J.C.) thart fán teach i d-trathaibh an dó a chlog. Bhí an lá ag caitheamh agus an dorchadas ag tarraingt orra. Chuaidh an cigire ceanntair de na constáblaí-Heard an t-ainm a bhí air- isteach comhgarach de'n teach. Bhí sé ag brath an teach a pholladh á d-tiocfadh leis é. Bhí sé ag obair faoi an fhuinneóig a bhí suas an staighre insan dún. Thug na cosantóirí fá deara goidé bhí ar a intinn a dheanamh, agus chaith siad anuas cloch sa mhullach air. Bhuail an chloch an cathbharr a bhí air, agus thuit an fear-anagire ceanntair na g-constáblach in a chnap marbh. Ar an bhomaite léigh Cameron Acht an Racáin ag brath sgaoileadh isteach ins an teach. Bhí dhá fhear dhéag de na Rifles curtha i leat-taoibh leis an sgaoileadh sin a dheánamh, acht thainic an triúr sagart- An t-Athair Mac Pháidín, an t-Athair Mac Stiopháin agus an t-Athair Ó Ceallaigh ar aghaidh, agus d'iarr ar na fir istigh a theacht amach. Rinne siad sin, Ní rabh sgaolleadh ar bith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mághnus Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Chonaill, Co. Dhún na nGall