School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 275

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 275

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 275
  3. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Teach Néill Uí Dhubhgáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar leanamhaint
    Choroin an iarraidh seo faoi fear dárbh ainm Cameron R.M. As Béal Feirste a b'eadh é. Chuir sé sraith de na Rifles agus de na saighdiuraí (R.J.C.) thart fán teach i d-trathaibh an dó a chlog. Bhí an lá ag caitheamh agus an dorchadas ag tarraingt orra. Chuaidh an cigire ceanntair de na constáblaí-Heard an t-ainm a bhí air- isteach comhgarach de'n teach. Bhí sé ag brath an teach a pholladh á d-tiocfadh leis é. Bhí sé ag obair faoi an fhuinneóig a bhí suas an staighre insan dún. Thug na cosantóirí fá deara goidé bhí ar a intinn a dheanamh, agus chaith siad anuas cloch sa mhullach air. Bhuail an chloch an cathbharr a bhí air, agus thuit an fear-anagire ceanntair na g-constáblach in a chnap marbh. Ar an bhomaite léigh Cameron Acht an Racáin ag brath sgaoileadh isteach ins an teach. Bhí dhá fhear dhéag de na Rifles curtha i leat-taoibh leis an sgaoileadh sin a dheánamh, acht thainic an triúr sagart- An t-Athair Mac Pháidín, an t-Athair Mac Stiopháin agus an t-Athair Ó Ceallaigh ar aghaidh, agus d'iarr ar na fir istigh a theacht amach. Rinne siad sin, Ní rabh sgaolleadh ar bith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mághnus Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Baile Chonaill, Co. Donegal