Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “Lá na mBataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar leanamhaint
    Thoisigh na h-adharca ag séideadh. Chruinnigh muintir na tuatha agus muintir Cloich Cheannfhaolaidh uilig, agus batai le gach duine. Bhí bataí agus pící leó, agus amhain na cróchair s bhí ins na roilig leis na cuirp a iomchur, mar bhí beathaigh capall gann 'san am, ar sgor ar bith ní rabh siad comh leithideach is tá siad anois, d'árduigh siad leó gach gléas troda a d-tiocfadh leat bata a thabhairt air, agus tharraing siad ar an Fhálcarrach. Thug siad amach an Druma agus na fídeóga, thosuigh an ceól agus na daoine ag mársáil, agus bhí Seán mac Aoidh ar an toiseach leis an bhratóig. Chuaidh siad i n-a iomlán síos go geabhtaí an tighearna i mBaile Uí Chonaill Ní dheachaidh siad níos fuide; phill siad 'un an Fhálcarraigh annsin ar ais. Bhí triocha cloigne de na constáblaí ag coimheád orra agus ag siubhal i n-a dhiaidh a fhad is mhair an mór-shiubhal. Ní dhearn siad príosúnach ar bith an lá sin, acht rinn dhá lá i n-a dhiaidh-Rinneadh príosúnach de'n Athair mac Stiopháin. ( leanadh de seo ar an 7adh leathánach ar aghaidh).
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)