Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 205
  3. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Eile (ar lean)

    Bhí gasúr ann aon uair amháin darbh ainm Seán Ó Baoighill. Cuireadh ar fastódh é nuair a bhí sé óg. Nuair a bhí sé ann cupla lá d'fhág sé an áit.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    míle fáilte romhat a Shéan Ó Baoighill" arsa an capall.
    "Céad míle fáilte romhat a Seán Ó Baoighill arsa achan dhuine dá rabh sa teach.
    Tháinic sé aníos agus shuidh sé. Char bhfada gur dubhairt duine aca go rabh an t-am aca a bheith ag imtheacht.
    "Cé fhanochas isthoigh arsa an dara fear.
    "Cé a d'fhaochas isthoigh ach Seán ó Baoighill" arsa an tríomhadh fear.
    Nior labhair Seán
    "Maith go leor" arsa siadsan. Anois éist a Sheáin má bhíonn ribe de'n chapall dóighthe ag teacht dúinne go gcuideochaidh Dia leat agus amach ar an doras leobhtha.
    Bhí Seán tuirseach agus suadh sé ag an teine, agus thuit sé in-a chodladh agus ba é an rud a mhúsgail é boladh an chapaill ag doghadh. Amach fríd an dorcadhas leis go dtáinic sé go dtí choilligh (?) agus chualaidh sé an sluagh céadna ag teacht i n-a dhiaidh. Suas ar chrann leis. Tháinic siad isteach go dtí an choilligh agus comhnair leó. Nuair a bhí siad ag teacht thar an crann a rabh Seán air bhris maide 'san comhnair agus ghearr siad an maide a rabh Seán air agus thuit sé go talamh.
    "Céad míle fáilte romhat a Sheán Ua Baoighill" arsa achán dhuine dá rabh san áit.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mághnus Mac Fhlaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall