Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 194
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí triúr inghin aici. Bhí siad iongantach bocht agus chá rabh a dhath aca le h-ithe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)cailíní ceist ar bhean a' toighe an dtabharfadh sí loistín daobhtha, dubhairt sí go dtabharfadh. Chuaidh siad i luighe annsin. Chuaidh na ingeanacha uilig i luighe sa leabaidh amhaín. Rinne bean an toighe amach go marbhochadh sí Máire na gCearc agus a cuid deirbhsiúr. Chualidh Máire na gCearc seo. Nuair a bhí siad uilig na gcodladh, smaointhigh Máire ar phlan. Bhí cuid deirbhsiurach Mháire ag coldhadh na leabtha agus bhí an mhuintir eile ag an balla. Chuir sí a cuid deirbhsiurach fhein annon ag an balla agus chuir sí na cailíní eile ag an balla.I dtrathaibh an mheadhon-oidhche d' éirigh bean an toighe leis na cailíní a mharbhú. Fuair sí bata agus thoisigh sí ag bualadh na gcailin. Nuair a bhí siad marbh aici chuaidh sí i luighe annsin. Nuair a bhí an lá ag glanadh, rinne Máire na gCearc réidh agus a cuid deirbhsiurach le h-imtheacht i nganfios de'n droch bhean. Nuair a d'éirigh bean an toighe ar maidín d'amharc sí sa leabhaidh agus chonnaic sí go rabh na cailíní ar shiubhal agus a cuid ingeanacha fhéin marbh. Amach léithi i ndiaidh na gcailín. Nuair a chonnaic siad an bhean ag teacht, chaith Máire na gCearc ceartlín snáth thar droichead a bhí ann agus d'éirigh abhainn uisge roimpí. Chá dtiocfadh léithe fághail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Chumhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ráith, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cumhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ráith, Co. Dhún na nGall