Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- Suíomh:
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oidí sa Chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tóchar a tugtar ar an mbóthar a ritheann ó Rinn-Áine go Béal Easa. Tá sé seacht mbliana agus dhá fhicid ó rinne bóthar an Tóchair.
Bhí Bóthar an Doirín déanta ins an Droch Saoghal. Dá scilling sa lá páighe a bhí ag geilleadh do na fir agus scilling san lá do na mná. Bhíodh na mná ag briseadh cloch le casúr agus ní raibh na sean-mhná ábalta siubhail agus caitheadh siad bheith ag briseadh cloch na dheisean. Sul a ndearna an bóthar bhí casán suas tré Fideán acha le na dtabhairt go Béal Easa.
Tuas ar bóthar an Cala tá cairn cloch, áit a chaith na saighdiúirí beirt fhear ann agus nuair a bhíonn daoine ag dul thart caitheann siad cloch ar an cairn agus deireann siad "Beannacht Dé le muinntir na beirt fhear a mharbhuigheadh annseo.- Bailitheoir
- Máire Úna Nich Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn an Eanaigh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ruadhain
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann