Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 246
- XML “An Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a racfas tusa abhaile iarr ar na buachaillí sin cluiche cárdaí a imirt leat. Bainfidh tusa an chead cluichthe agus annsin ní’l rud ar bith a iarrfas tú arthú - san nach gcaithfidh siad a dheánadh. Ach, ar do bhás, ná fan leis an dara cluiche a imirt leobhtha, no mar chuireann siad an cluicthe ortha, béidh réidh.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Chuaidh an bean abhaile. Ar ball beag, nuair a fuair sí a ráith itthe ólta, d’fiafruigh sí do buachaillí án n-imseochadh siad cluichthe cárdaí agus dubhairt siad - san go ndeanfadh.
Thárraing sé oirthí dec” na gcárdaí agus thoisigh an imirt. Bhí leithe sa’ chead cluicthe agus annsin chuir sí na geasa ar na buachaillí imtheacht leo ‘un Domhain Thoir agus an t-each bán a thabairt chuicí. Ní rabh teacht ar aca, agus bheigeann daobhtha imtheacht, ach d’iarr siad ath-chuinge amháin oirthí - sé sin cluichthe eile a imirt leobhtha - san. Rinne sé dearmad gur h-iarradh oirthí gan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Mac g Ceannfaele
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall