Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 124
- XML “Seán Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Smaoitigh Seághan go mbeádh airm eigintheacht a dhith air na chaileogaí a dhíbirt agus d’ amharc sé thast fríd an chistineach agus goidé a tcí sé ach an túirnín crochta ar an bhalla. Thug sé [annas]? an túirnín agus thoisigh ag greadughadh na gcuileóg ar fud an toigh agus a seacht sáith feirge air nuair a chonnaic sé marbh féidir leis ceann aca a chuagadh. Sa deireadh chonnaic sé ceann amháin ag luighe ar [bhaidhis]? an t-sagairt. D’aimsigh Seán é leis an túirnín agus rinne se “sticín” dé’n t-sagart bocht.
“Ó bub ó”! arsa Seághan “ta’n sagart marbh agam” in-áit na cuileoige ach leoga a chuileoig bhradaigh ma tcím - sé ach oidhche thusa [thast]? Annseo tú feáirrde dhuit é” agus shuidh sé síos gur chaoin sé a sháith.
Fa dheireadh tháinig a mháthair. Tháinig sí isteach go [faithceallach]? [as]? Eagla go musgloch adh an sagart. “An bhfuil sé n-a chodladh agus dtólamh ar sise. Caithfidh sé go rabh sé marbh tuirseach ach leig Seághan béic amháin as a bhaiti mac alla as na cnuic. D’a mháthair marbh mé é! mharbh mé é! arsa Seághan agus thoisigh an sgneadach agus an béicfeach aige agus an tuirnín leis i-n a láimh. Choisreac an mháthair í fhein agus nuair a chonnaic sé go rabh sé marbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 34
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)