Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 116
- XML “Bráthair Ó Concubhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)darna h-uair ach ní thabharfadh sí suas dó é. An triomhadh h-uair, dubhairt sé leithe, “muna dtugaidh tú suas an sgríbinn cuirfidh mé go leabaidh Brathair Uí Conchubair” thú, agus nuair a chualaidh sí seo thug sí suas an sgríbhinn.
Pill sé arias ainnseóir Brathair Ua Conchubhar, agus d’innis sé do goidé mar thárluigh agus fa’n leabaidh a rabhthar ag congbailt do thíos an Ifrionn. Thug an Brathar amach sgian agus tuagh dó agus d’iarr air é a gheárradh suas agus gceithre ceathramhna dheánamh. “An méidh arsa seisean” nach [ngearrfa’n]? tuagh geárrfaidh an sgian é agus an méid nach ngeárrfaidh an tuagh [sgian], geárrfaidh an sgian [tuahg] é”. Chuaidh an ghasúr amach agus rinne sé ceithre ceathramhna dó, agus d’fág sé n-a luighe ar an camhsa é, agus tháinig isteach ‘un toighe. Indiaidh uair a chaitheadh istoigh, chuaidh sé amach agus fuair sé Brathar O’Concubhár beo slán arias agus é na chodhladh.
Mhusgail sé suas é. “Anois” arsa Brathar Ó’Concubhar, “tá’n bheirt again sá bhailte agus imtigh leat abaile agus na h-imir an chasda fhad ‘s tá tú beo” agus níor imir.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 34
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall