Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1071, Leathanach 081

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1071, Leathanach 081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 081
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí triúr gasúr ann uair amháin agus bhí siad ag gabháil a chuartughagh peata caorach a bhí ag an Tighearna.

    Bhí triúr gasúr ann uair amháin agus bhí siad ag gabháil a chuartuighadh peata caorach a bhí ag an Tighearna. Bhí siad ag siúbhal ag taoibh reilig agus bhí mol cródhanna agus ubhlaí ag fás ins an reilig. D'iarr stócach aca ar an bheirt éile imtheacht fá choinne an chaora agus go mbainfeadh seisean na cródhanna agus na ubhlaí.
    D'imthigh siad agus ní rabh siad i bhfad ar shiubhal go dtáinig cailín an t=sagairt thart ag an reilig agus mhothuigh sí an trup a bhí istigh sa reilig.D'imthigh an cailín na rith agus d'innis sí d'on t-sagairt gaidé a chuala sí agus chá rabh an sagart abálta siubhal agus d'iarr sé an chailín é a thabhairt síos i gcaothair. Thug an cailín an sagart síos sa chaothair go dtí go bhfeiseadh sé caidé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Eachmharcaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Glaise Chú, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Eachmharcaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    Glaise Chú, Co. Dhún na nGall