Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 045
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean ann fad ó shoin, agus oidhche Shamhna a bhí ann. Bhí sí na suidhe cois na teineadh ag sníomh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus thosuigh rí a' sníomh annsin. Táinig bean éile isteach agus seacht n-adarca uirthi agus thosuigh sise a' sníomh. Tháinig bean éile isteach agus ocht n-adharca uirthi agus thosuigh sí a' sníomh forta. Tháinig bean éile isteach agus naoi n-adharca uirthi agus thosuigh sí a' shníomh. Tháinig bean éile isteach agus deich n-adharca uirthi agus thosuigh sí a' sníomh. Tháinig bean éile isteach agus an adharc déag uirthi, agus bean éile a rabh dhá adharc déag uirthi, agus bhí siad uilig na suidhe ag sníomh. "Nach bhfuil tú ag gabháil a dhéanamh tae duinn" arsa siad-san le bean a toighe. "Níl deor ar bith uisge istigh arsa sise." "Tá tobar thíos annsin thig leat uisge a fághail." Chuaidh sí amach fá choinne uisge, bhí fear na sheasamh ag an tobar agus bheannuigh sí dó. "Tá lán toighe agat thuas annsin arsa'n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Earlaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall