Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 300
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)thug an chaptaoin suas an cailín go teach a uncál “Nach adhmhail go dtug mé dó shaith airgead duit” arsa an t-uncál, nuair a mhothuigh sé an sgéal. “Caithfidh tú ghabhail go Lunndáin anois fá choinne lósta”.
Nuair a chualaidh an cailín go rabh sé ag gabhail go Lunndáin d’iarr sí air ghabhail amach agus píosa síoda a cheannacht. Rinne sé sin agus rinne sí bheiste dó “Cuir sin ort, agus aithneóchfhar thú ar cheidh Lunndáin”.
Nuair a tháinig sé amach as an bhád casadh fear air, agus arsa seisean nuair a chonnaic sé an bheiste a bhí sé a’ chaitheamh “Sin lorg láimhe m’o nighean-sa”.
D’innis seisean dó annsin caidé mar bhí agus níl fhios caidé an luthgháir a bhí an fhear. “Bíodh sí leat an chead uair eile a thiocfhas tú, agus beidh mise annseó ag fanacht léithe, mar tá me ‘a dheánamh ón la sin a goideadh”. Agus bheirfhidh mé duit rud ar bith a iarrfhas tú mar bhronntanas”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 92
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall