Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    acht an rud a dheánfhas bean réidh damh, agus gur éirigh an rud ceadhna damh cúpla uair ó fuair sí bás”
    Rinne siad seó, agus nuair a mheas an Captaoin go rabh an sgéal innsighthe ag an mhate d’éirigh sé agus suas leis un’ toighe. Bhí buaidhreadh mór ar an cheannuidhe fá dtaobh dó agus chuir sé ceist air an dtiocfhadh leis dadadh a dheánamh dó.
    “Bhal” ars’ an Chaptaoin “tá m’uncáil ag tréadail leat le cúig bliadhna déag, agus tá mé cinnte nach ndiúltigheann tú mé san rud atá me ‘a iarraidh. Tabhair damh an cailín sin ata agat mar chócaire, no má dtabharann is goirid a bhéas mise beó uilig ag ithe an bhiadh atá na fir a’ dheánamh réidh”.
    “Sé, atá tá sí sin le dóghad anocht le ollgháirdeachas”
    “Bruith bollóg in a h’áit”.
    Sa deireadh thiar thall tugadh an cailín dó ar shuim mhór airgid, agus nuair a bhí an lósta ar bórd aca d’imthigh siad na bhaile.
    Nuair a tháinig siad go Baile Atha Cliath, agus bhí siad seachtmháin glan roimh an am a bhí leaghtha amach,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0505: Dead Man as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nábla Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    92
    Seoladh
    Gabhla, Co. Dhún na nGall