Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 279
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear as an Charraic seó thiar pósta ar bhean as Machaire-an-Clochair.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Maith go leór” arsa an fear eile “rachfhaidh mise leat anocht agus leigheasóchaidh mé sin”.
    Chuaidh sé leis na bhaile an oidhche sin agus nuair a bhí na preátaí ag dhul síos d’iarr an seanduine ortha gan a’ cheann a chuir síos do-san. Cuireadh síos na preátaí agus thoisigh siad a’ ghoil. Thóg an seanduine an maide briste agus bhí sé fá choinne ceann de na preátaí a thógáil acht d’iarr an strainséar air an maide briste a fhágail as a laimh nó nár cuireadh síos preáta ar bith do-san. Nuair a tógadh na’ preátaí cé ná chéad duine a bhí réidh le dhul in a gceann acht mó sheanduine.
    D’iarr an strainséar air ghabhail suas go dtí an teinidh nó ná rabh préata ar bith bruithte fa na choinne. D’ith lucht a’ toighe a’ sáith agus ní bhfuair seisean aon cheann. Acht ‘na dhiaidh sin ní dheárn sé dearmad iarraidh cuid a bhruith dó-san achan oidhce agus ó sin amach bhí a sháith le h-ithe ag achan dhuine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Géidí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall