Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “An Deoraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí tusa, a mhic in do chliamhan bhead, do naoidhnean lag gan bhrígh,
    Nuair, cé tharluigh ag mó dhoras ach fir a's bailigh an rígh
    A Dhia shuas, ba bhocht mó chás, ba dona dubh mó chroidhe,
    Is gan agam acht an t-aon bhó bhí shíos i gcionn an toighe,
    Sgairt mé mar gheall ar Mhathair Dé, mo dhídin is toigh go ló,
    Acht níor chríochnuigh mé mó phaidir go rabh lasóg le mó chró.
    D'éirigh an toit, a mhic, go spéir, agus d'éirigh an caoineadh géar,
    Nuair a chaith siad amach do mháithrín faoi dhídan lom an fhéir,
    Do thóg mé in mó lamha í le brón is buaidhreadh croidhe,
    Acht bhí sí traochta, caite, lag, ó bhí sí ciúin a choidhche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Giolla Chomhghaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14