Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “An Deoraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó athair dhíl, is minic thú ag cainnt ar Éirinn thall,
    A gleanntain glas, a sléibhte deas, a coillte caor is call,
    Sé deir tú liom gur tír ina mbéadh ann an bhainrioghan beó
    Ach caidé an faith gur thréigeas í, is nach bpilleann tú go deo.
    Ó, mhic a rún, is mór mó ghrádh do'n tír ar a labhrann tú,
    Mó Éirinn dhílis, fearamhail fial, fuair onóir agus cliú,
    Anois, a mhic, bí thusa glic, is tabhair éisteacht do mo sgéal,
    Is ní dheirfidh tú anois nó arís gur thréigis Éirinn dhíl.
    Nuair a smaointighinn ar an lá sin thig sgannradh ar mó chroidhe,
    An sneachta a phlúchadh anuas go dlúth,
    Is bearradh fuar ar ghaoth.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Giolla Chomhghaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14