Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 193
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oileán, beidh sí aige. Tá mac Rí na Tuirce ag gabhail a throid ar a son imbárac”. “Nach cuma damhsa” arsa Donn “ní liom-sa í.
Chuaidh sé a luighe annsin. Nuair a d’éirigh sé ar maidín rinne sí réidh a bhricféasta. Chuir sé braon uisge ar a éadan agus d’imthigh sé leis ag marcuidheacht ar each, cú le na chois agus an seabhac ináirde ós a cheann sa’ spéir, go dtí go dteachaidh sé go dtí an áit a rabh an troid le bheith ag mac rí na Tuirce agus an fathach. Tháinig mac rí na Tuirce agus nighean rí na Gréige leis ar a chul ar an bheathach.
Thuirling siad ‘un talaimh. Nuair a bhí sé ag teacht a chomghair am troda d’iarr mac rí na Tuirce uirthí greim a chongbhailt ar an beathach tamall, go rabh gnoithe ar shiubhal aige. In áit sin chuaidh sé i bhfolach.
Nuair a tháinig an fathach, chuaid Donn mac a’ Diarfach amach roimhe. Rinne sé gáire go bhfeictheá an dúileagan dubh a bhí thíos thóin a ghoile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall