School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)oileán, beidh sí aige. Tá mac Rí na Tuirce ag gabhail a throid ar a son imbárac”. “Nach cuma damhsa” arsa Donn “ní liom-sa í.
Chuaidh sé a luighe annsin. Nuair a d’éirigh sé ar maidín rinne sí réidh a bhricféasta. Chuir sé braon uisge ar a éadan agus d’imthigh sé leis ag marcuidheacht ar each, cú le na chois agus an seabhac ináirde ós a cheann sa’ spéir, go dtí go dteachaidh sé go dtí an áit a rabh an troid le bheith ag mac rí na Tuirce agus an fathach. Tháinig mac rí na Tuirce agus nighean rí na Gréige leis ar a chul ar an bheathach.
Thuirling siad ‘un talaimh. Nuair a bhí sé ag teacht a chomghair am troda d’iarr mac rí na Tuirce uirthí greim a chongbhailt ar an beathach tamall, go rabh gnoithe ar shiubhal aige. In áit sin chuaidh sé i bhfolach.
Nuair a tháinig an fathach, chuaid Donn mac a’ Diarfach amach roimhe. Rinne sé gáire go bhfeictheá an dúileagan dubh a bhí thíos thóin a ghoile.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal