Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 347
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Roilig.Tá roilig Mhachaire-An-Gathláin déanta le corradh is trí chead bliadhain.
Nuair a rinneadh an roilig ní raibh Parroiste ar bith darb’ ainm Gaoth-Dobhair. Páirt de Pharroiste Thullach Ó Bheaglaoich a bhí ann. Bhí sagart an Pharroiste ‘na chomhnuidhe i nGort-An-Choirce. Deireadh sé Aifreann darna gach Domhnach ‘san áit seo. Ní raibh teach pobail ar bith annseo ‘san am agus deirfidhe an t-áifreann i sgathlán a bhí ‘san ghleann i n-áit a bhfuil teach an phobail anois. Bhí ceann ar dhá thaobh an sgathláin mar dhídean in aghaidh na h-aimsire. Deirfeadh an shagart an t-Aifreann ar thaobh an fhasgaidh de. Thiocfadh sé anoir as Gort-An-Choirce ar dhruim beathaidhigh agus béadh tráth bidh leis - arán coirce agus buidéal bainne - le h-ithe indhiaidh an Aifrinn. ‘San am sin ba é an roilig ba dheise do’n áit seo Roilig Thullach Ó Bheaglaoich.
Bhí an roilig sin taobh thuas de na Crois-Bhealaigh ag áit a raibh Baile-An-Teampuill air. Chaitfidhe na mairbh as an áit seo a chur shoir annsin. Bhí an bealach fada agus chaithfeadh na daoine ghabhail trasna na sléibhte le na mairbh. Ba ghnáthach leo sgíste a dhéanamh ag áiteacha áirighthe le ceapairí am ithe. Tá na h-áiteacha seo le feiceáil go fóill. Ba ghnáthach leis na daoine clocha a iomchur go dtí na h-áiteacha seo agus d’fágadh gach duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 1397225
- Faisnéiseoir
- Mhaighread Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall