Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 348
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinic Fianna eile go h-Éirinn fa choinne Fianna Éireann a throid. D’imthigh Fianna Éireann a sheilg. Dubhairt Fionn go rachadh sé fhéin sa chliabhán, agus go ndéanfadh sé an leanbh. Cuireadh Goll amach ag buachailleacht an eallaigh. Nuair a tháinic na Fianna eile, bhí bean-an-toighe ‘na suidhe ag bogadh an chliabháin, agus clocha leis an teinidh, ag deanamh gur arán a bhí aice. Tháinic na Fianna eile isteach, agus bhí siad i bhfád ní ba mhó ná Fianna Éireann. Chuir siad ceist ar an mhnaoi cá rabh na fir. Dubhairt sise go rabh siad amuigh ag seilg. Chuir duine aca ceist goidé a dhéanfadh siad, nuair a bhíodh an ghaoth ins an dorus. Dubhairt sise dá mbéadh na fir ‘san bhaile go dtionntochadh siad go dtí’n taobh eile an teach. Dubhairt fear aca go n-amharcochadh siad an raibh cárr maith ag an leanbh, agus chuir sé a mhéar isteach ‘na bhéal go bhfeicfeadh sé. Bhain Fionn bárr na méire do. Dubhairt fear aca go rabh an t-am aca an baile a bhaint amach, nó gur mhait mar bhéadh na fir, nuair a bhí an leanbh ábalta bárr na méire a bhaint do - san. Chuir duine eile aca ceist ar an mhnaoi caidé a bhí leis an teinidh aice, agus dubhairt si gur arán. Bheir sé air, agus d’fhéach sé le é a bhriseadh acht theip air. Dubhairt sé go raibh sé ní ba chosamhla le clocha.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 1397225
- Faisnéiseoir
- Mhaighread Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall