Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dúlaman na béinne buidhe,
Dúlaman Gaedhealach
Dúlaman Na fairrge
Is fraoch dubh an t-sléibhe
Tá ceann buidhe órdha ar an Dúlaman Gaedhealach
Tá stoca bhuidhe dhúbalta ar an Dúlaman Gaedhelach
Tá sin agus trús ar an Dúlaman Gaedhealach
Dúlamán Na béinne buidhe & rl.
Chuir mé sgéala chuicí ó,
Go ndéanfainn teach mór dí,
Sé an sgéala chuir sí chugam ó.
Go raibh bothóg fód aicí.
Dúlaman Na béinne buidhe & rl.
Chuir mé sgéala chuicí ó
Go gceannochainn bád dí,
Sé an sgéala chuir sí chugam ó
Go raibh sí ar na rámha
Dúlaman Na béinne buidhe & rl.
Chuir mé sgéala chuicí ó,
Go gceannochainn cíor duithe
Sé an sgéala chuir sí chugam ó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na gCeapairí, Co. Dhún na nGall