School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 347
- XML “An Reilig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Roilig.Tá roilig Mhachaire-An-Gathláin déanta le corradh is trí chead bliadhain.
Nuair a rinneadh an roilig ní raibh Parroiste ar bith darb’ ainm Gaoth-Dobhair. Páirt de Pharroiste Thullach Ó Bheaglaoich a bhí ann. Bhí sagart an Pharroiste ‘na chomhnuidhe i nGort-An-Choirce. Deireadh sé Aifreann darna gach Domhnach ‘san áit seo. Ní raibh teach pobail ar bith annseo ‘san am agus deirfidhe an t-áifreann i sgathlán a bhí ‘san ghleann i n-áit a bhfuil teach an phobail anois. Bhí ceann ar dhá thaobh an sgathláin mar dhídean in aghaidh na h-aimsire. Deirfeadh an shagart an t-Aifreann ar thaobh an fhasgaidh de. Thiocfadh sé anoir as Gort-An-Choirce ar dhruim beathaidhigh agus béadh tráth bidh leis - arán coirce agus buidéal bainne - le h-ithe indhiaidh an Aifrinn. ‘San am sin ba é an roilig ba dheise do’n áit seo Roilig Thullach Ó Bheaglaoich.
Bhí an roilig sin taobh thuas de na Crois-Bhealaigh ag áit a raibh Baile-An-Teampuill air. Chaitfidhe na mairbh as an áit seo a chur shoir annsin. Bhí an bealach fada agus chaithfeadh na daoine ghabhail trasna na sléibhte le na mairbh. Ba ghnáthach leo sgíste a dhéanamh ag áiteacha áirighthe le ceapairí am ithe. Tá na h-áiteacha seo le feiceáil go fóill. Ba ghnáthach leis na daoine clocha a iomchur go dtí na h-áiteacha seo agus d’fágadh gach duine(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 1397225
- Informant
- Mhaighread Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 83
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal