Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 239
- XML “Tomhasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An fear a bhfuil an chloigeann is mó air.
Cé an lá is láidre san tseachtmhain?
An Domhnach,
Caidé bhíos ag cat nach mbíonn ag ainmhidhthe ar bith eile? pisíní.
Mharbh sé a mháthair, chuir sé an athair agus phós sé a dheirbhsiúr?
Sagart.
Roibín bán agus dhá thaobh ghlasa air? Bealach mór.
Dhá chois síos agus trí cosa suas.
Cloigeann an duine beo i mbéal an duine mharbh? Pota ar cheann duine.
An rud a tcidhfidh tú san lá ní fheicfidh tú san oidhche? An ghrian. Chuaidh fear amach a bhaint féir. An mheid a bhain sé d'fág sé 'na dhiaidh sé agus an mheid nar bhain thug sé leis é? Fear ag baint na feasóige de.
Ca tuige a n-amharcann an gréasuidhe isteach san bhróig? Cionnus nach bhfuil sé fhéin ábalta dul isteach.
Caidé an rud atá againne nach bhfuil ag Dia? Máighistear. Caidé tá níos doimhne nó an fhairrge?(leanann ar an chéad leathanach eile)