Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 240
- XML “Tomhasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Meáracán tailliúra.
Coinnleóir ór ag tóin toighe móir. Cas go ceart é agus na leig thart é?
na flaitheas.
Cé sin aniar dulamán na gréine.
Bean is cóta dearg uirrí agus snáithe gorm ann a léine?
Tuath cheatha.
Shíos i bpáirc an mhiodúin chonnaic mé an radharc deas míle bean uasal ag damhsa go deas. Boghanna gorma agus ribíní glasa da dtomhasta go maidín ní thomhasfha an cleas?
Cuibhreann preataí faoi bhlath.
Maide briste beag na gcloch. Bíonn sé thall bíonn sé i bhfus bíonn sé i gConnachtaibh na gcras, bíonn sé ar leis shleamhain dhonn agus i gcoillte na meas?
Ceo.
Mo ghiolla beag caol 'na luighe ag an tobair, a cheann cruaidh maol comh maol leis an [?] itheann sé arán 'sní ólann sé bainne, ní dhéanann dadaidh is cuma cé'n obair go gcuireann a cheann i bhfad síos ins an tobar? Peann.
Chuartuigheas is fuaras, b'furast damh fághail [?] nach bhfuair Dia 'snar bfeidir leis fághail? [?] tchídhim é agus ní fheicim é, siúd é ar bhárr na [?] Tig sé leis féin sní imthigheann sé gan cuideachtain