Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “Tomhasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    snáthad mhór agus snáithe olna.
    Ceithre cosa suas agus ceithre cosa síos. bogsa lár agus cruaidh san imeall? leabaidh.
    Comh cruinn le h-ubhla agus comh comhthrom le bata, bean iomlán agus leath fir? pighinn.
    Athair beag éasgaidh, máthair bhead fhollsa agus dhá cloigeann déag de theaghlach? clog.
    An mheid a íosfaidh sí san lá dhéanfaidh sí leabaidh de san oidhche?
    coigilt na teineadh.
    Máthair mhór ar cúl na comhrann agus dhá chead córa uirrí?
    Ceirtlín cáil.
    Comh h-árd le balla comh bán le bainn comh dearg le fuil agus comh milis le mil? ubhla.
    Droichead ar loch gan maide gan cloich? Oidhreóg.
    Cheannuigh fear cloch coirce ar feadh sé lá ar 1/6 an chloch. Caidé a thiocfadh an coirce go dtí nuair a bhéadh na sé lá thuas? Aolach.
    Ciaca de na searbhfhóghantuighe i dtigh an tighearna a chaitheas an hata is [?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge