School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 236
- XML “An Tarbh Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)éadaigh fhéin. Chuaidh sé annsin ar thoraidheacht na mbó, fuair sé iad gan móran trióbloide, thiomáin ‘na bhaile iad, agus chuir isteach ‘n-a bhoithigh iad. Chuaidh sé ‘un toighe annsin, fuair greim le h-ithe agus bhí an fear ‘n-a suidhe ag cladach na teineadh. Chuir an gasúr ceist air ar mharbhuigh an phéist an ghiorsach. Dubhairt an fear nár mharbhuigh, ná go dtáinic an buachaill céadna an lá sin ag marcaidheacht ar bheathadhach ghorm, gur thoisigh an troid eadar é fhéin agus an phéist agus gur mharbhuigh sé go dtug sé iarraidh imtheacht i nganfhios agus gan fios a thuairisce ag aoinne, gur sciob an Rí ceann de na bróga de, “agus”, ar’ sé tá an Rí agus a mhuinntir ag gabhail ó theach go teach anois go bhfuigh [seas]? an buachaill ar leis an bhróg.
An oidhche sin tháinic beirt fhear go dtí an teach a raibh an gasúr ann agus an bhróg leo. Chuir an gasúr ar am bhróg agus [d’fhóir]? sí go maith do agus bhí fhios ag na fir gur b’é a mharbhuigh an phéist.(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall