Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Go tobann cha raibh sgian fhéin le fheicilt, acht amháin Diarmud ag cruinniú ceatha píghinneacha ina hata ghlas. ‘Na dhiaidh sin agus uile cha raibh mórán saidhbhris ag Diarmud; thug sé a bheatha i dTír le allus a mhalaidhe agus d’iomchur go foighideach níos mó na a chuid ranna den phionós a thuill eastimhlacht ár gcéad athair Ádhbha.
Ta teas na gréine agus solasan lae riachtanach ag an chrann le bláth agus toradh a thabhairt. Tá an dá nídh ceadhna riachtanach do’n chleasaidhe nó gan iad ní thig leis oibruighadh.
Mar sin de bhí Diarmud in dubhlaidheacht na bliadhna mar crann gan duilleabhar - beagnach marbh. Acht go [sunplidhe]? sónntach fhulaing sé an t-iomlán go foighideach.
Chreid sé go daingean ina bhí an saoghal so cruaidh go mbéadh ceart agus cothroin le fághail ‘san tsaoghal eile.
Thug seo uchtach mór do.
Ní raibh sé cosamhail le [ruagaisí]? reatha eile ag díol a n-anamaibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Bean Mhic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- An tAthair Urramach Criostóir Mac Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Sagart (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)