Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 61
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Planndaí agus luibheanna a úsaidtaí chun olna nó éadach a dhathú.
Fraoch : Úsaidtí Fraoch le olann a dhathú. Barra óga glasa a úsaidtí cun seo a dheánamh. Bhruidhtí é leis an olann agus chuirtí alum agus copperas san uisge comh maith leis an dath a greamú. Dat buidhe a a béas ar an olainn a dhatuigtí mar seo agus éadach nó báinín ar bith a mbéadh. Beagan de olainn a dhathuightí mar seo ann, bhéadh sé deas péacach agus chuirtí suim mhór ann le cultacha a dheánamh de fhir agus mhná.
Cratal na ngloch : Fásann an cratal ar clocha. Seort Fungus atá ann. Tá an cratal an fhairsing agus úsaidtear é go díreach mar úsaidhthear an fraoch le olainn a dhathú. Dath dearg a chuireas an cratal ar olainn.
Preamhacha na Dreasóige.
Baintí iad seo agus gearrtaí iad go mion agus bhruidhtí iad leis an olainn le n-a dathú.
Cearnóg : Géaga Fearnóige fosta. Gearrtaí iad nuair a bíodh siad óg glas agus bhruidhtí iad leis an ólainn a dhathú.
Tá na dathannaí seo beag nach imighthe ar fad anois, mar go dtig dathannaí a ceannach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall