Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 28
- XML “An Bhean Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tarrain an doras dó dhiaidh. Nuair a bhí siad ag siubhail giota maith d’amharc seisean thart agus chonnaic sé a bhean ag tarraingt an doras in a diadh
“Tá tú dona go leor”, arsa seisean. Ní rabh siad ibhfad ag siubhail go dtainic siad go dtí teach a rabh beirt bhan ag iarraidh bo a chuir suas air.
“Caidé tá sibh a’ dheanamh”, arsa an fear leobhthá.
“Tá múid ag iarraidh an bhó seo a chuir suas ar an teach go ithidh sí an féar.
“Bhfuil corrán agaibh”, arsa an fear. “Tá”, arsa siad
Thug siad an corran do agus bhain sé an féar agus chait sé e anuas. Shiubhail siad leobhtha giota eile gur casadh sean bhean ortha agus ualach mór trom uirthí.
“Ca bhfuil tú ag dul”, arsa an fear
“Ta”, arsa sise “fuair mo fhear bás ta bliadhain o shoin, agus tá mé ag dul na flaitheas chuige anois leis an t-eadach seo. Tá mé cinnte go bhfuil an t-eadach a bhí air ag imteacht do stróca go maith anois.
“Is mise Naomh Paidir”, arsa an fear “agus níl mé acht indhiad a theacht as na Flaitheas.
Chonnaic mé do fhear sul a d’imthigh mé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall