Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 181
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Goidé atá a dhith ort," arsa seisean, go dolba.
"Tá trí bhuilbhín aráin ag teastáil uaim," arsa'n saghart.
"Bhal," arsa fear a' tsiopa, "Gaibh anois agus cibe teach a bhfághann tú do chuid aráin ann gach lá, fágh ann indiú é, no ní thabhairfidh mise builbhíl ar bith duit."
Chuaidh an saghart amach ar an doras agus níor fhan sé leis an dara focal a chluistin, agus arsa seisean: "Rud amháin cinnte ní thiocfaidh builbhín amach as an oighean, ins an teach seo go bráthach arais," agus b'fhíor do, no lá thar na bhárach nuair a chuaidh siad ag tabhairt na builbhín amach as an oighean ba é an rud a thainic sluagh de luchógaí beaga bána agus dubha agus chuaidh siad suas ar an tábla agus isteach ins na leabchacha agus gach uile áit fríd(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall