Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sneachta, gheobhaidh tú sgéal brónach thar sáile.
Má bhíonn broinnglóidigh agat fá stuirm sin comhartha námhaid.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh fá luchóg sin comhartha námhadh.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh fá uisge, sin comhartha droch sgéala.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh (agat) fá uisge beatha sin comhartha go gcasadh sean chara ort gan mhoill.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh (agat) fá theine sin droch-ádh.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh (agat) fá éadaigh salach gheobhaidh tú sgéal maith.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh (agat) fá sheán bhróg sin ádh ana-mhaith.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh (agat) fá theach sin droch-ádh.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh (agat) fá luchóig, sin comhartha namhad.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh (agat) fá sneachta sin droch-ádh.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh (agat) fá theine sin mí-ádh.
Creideann a lán daoine thart fá’n áit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann