Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Creideann a lán daoine broinnglóid agus deireann siad gur seo an chéill atá leo.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar fhuil, gheobhadh duine díot bás.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar capall ag rith cluinfeadh tú sgéal toban
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar airgead gheobhaid té bás gan mhoill.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar blátha bána sin comhartha bhais.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar smeura chluinfeadh tú droch sgéal.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar theine, sin mí-ádh.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar uisge salach nuair a bhíonn tú istoigh ins an uisge, sin duine éigin atá i dtribleóid mhór.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar thorram agus tchidheann tú duine éigin annsin go bhfuil aithne agat air, gheobhaidh an duine sin bás gan mhoill.
Nuair a bhíonn tú ag broinnglóidigh ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann