Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 152

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 152

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 152
  3. XML “Mac Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí mac righ na h-Éireann amuigh ar an bhealach mór lá amháin agus casádh cailleach air. Tharraing sí amach paca cardaí agus dimir siad cluiche. Bhain an cailleach. Chuir sí faoi gheasa é annsin a dul go dtí an domhan thoir agus buaidh na bainrioghna a fhághail agus a inghean a tabhairt leis abhaile a's í a phósadh.
    An la na dhiaidh sin thug mac righ na h-Éireann a aghaidh ar an domhan thoir. Nuair a bhí se giota dé'n bhealach casadh fear beag tubeach ruadh air. "Ca bhfuil tú ag dul," arsan fear beag. Dinnis mac righ na h-Éireann deireadh do. "Sin rud atá ionganta doiligh a dheanady'," arsan fear beag, "agus bfearr duit mise a thabhairt leat no béidh gnoite mhór agat liom." Thug mac an righ leis é. Shiubhal an bheirt leobtha go dtáinig siad fad le claidhe. Bhí far na shuidhe istoigh ag taobh an claidhe agus a chluas leis, a's é ag eisteacht. "Caidé an seort fir é sin nó caide bheir air a bheith ag eisteacht mar sin," arsa mac righ na h-Éireann. "Sin Clusa le h-Éísteacht" arsan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Teanga
    Gaeilge