Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a’n spéir”. Chuaidh Jack isteach chuig cailleach na gcardaí agus thoisigh siad ag chearrbhochas leithe airis. Acht ní raibh an t-adh i ndán do nó chaill sé an t-airgead a thug a chuid dearbrathaireacha do fosta.
Anois dimtigh Jack amach ag a chuid dearbrathaireacha agus siubhal an triúr aca béal a gcinn amach is Bealach Feich nó ní raibh fhios aca goidé a ba chóir dóbtha dheánam. Nuair a chuaidh siad amach giota taobh amuigh de’n bhaile mhór chonnaic siad sean bean na suidhe ag taoibh a’ bhealaigh mhóir.
Dinnis sí dóbhtha nach raibh sí abalta siubhal agus d’iafruigh sí dóbhtha an iomcharadh siad i go dtí teach éigin a ba mhaith leithe dhul. Rinne siadsan seo agus annsin thug sí prionntanais dobhtha. “Seo dhuit spárán”, arsa sise le Jack, “agus achan am a n-amharchochaid tú ann gheobhaidh tú giní ann. Thug sí fídeog agus cloicín draoideachta dóna dearbrathaireacha.
Anois dimthigh Jack leis agus stad ní thearn sé go raibh sé i mBealach Feidh airis. “Anois”, arsa Jack “gheobaidh mise buaidh na caillighe comh cinnte as tá grian ar air ní uisce ins an fhairrge”. Isteach leis chuig an bhean airís agus an spárán leis. Anois thoisigh an chearrbhocas agus thoisigh Jack ag caillbadh. Bhí an bheirt ag imirt tamall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)