Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (16) Níor ceart duit a dhul amach ar an doras agus rud ar do ghualainn.
    (17) Ma bhionn tú ag dul a thabhairt bainne ar shiubhal caithfidh tú salann a chuir air na bheirfhidh na sidheogai ar siubhal an bainne uilig uait.
    (18) níor cheart duit amharc isteach sa sghatan indhiaidh an dó dhéag o clog ‘san oidhche.
    (19) Ma ghnídh tu srófach trí huaire i ndiaidh a ceile béidh droch ádh ort.
    (20) Ma castar bean ruadh ort ar maidin ba cheart duit do chúl a thionntach léithe.
    (21) Níor cheart an chead leanbh de theaghlac a chuir isteach i gcliabhan úr, no níor cheart eadach úr a chuir air nuair at thar da chuir amach le baisteadh. Ba cheart an t-eadach a fhagail ar iasacht.
    (22) Tá léaghas ag an seachtmhadh mac agus an naomheadh nighean ar chait - bhraghad.
    (23) Ma ta giorrsach ann agus súile gorm aici, agus gan í a h-athair a fheiceail ariamh ta léaghas aici ar bheal nimneach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge