Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Peadar Grifín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhithear ag caitheamh na ndaoine amach as a a gcuid talta í n-aimsear na dthighearnaí talaimh i bhfad o shoin a rinneadh banughad ar Gleann Bheata, Gleann deas aoibhinn atá comgharach do Ghartan an áit a rugadh Colmcille. Ba é an tighearna talaimh a bhí ar Gleann Bheatha nuair a caitheadh iomlán amach is a gaid taltaí ná bean darb’ ainm Lady O Dare. Deartear gurbh é a sín an lá a ba léanmhara da rabh ins an chonndae seo ariamh.
    Chosgrochadh sé crainn agus clocha na daoine a fheiceáil ag fágail na h-áite an mhaidin sin agus an gháir chaoinnte a bhí aca. An méid aca a bhí ábalta imhteacht as an tír dimthigh siad go Meiriceá. Chuaidh an sagart cluimhail sin An t-athair Séamus Mac Phaidin leobhtha go Doire go bhfeiceadh sé ar an bhád iad. Acht bhí cuid mhór aca nach raibh í n-innibh dhul mhar bhí siad aosta agus bréoidhte idir mná agus páisti aca. Ba bheag aca seo a chuaidh go teach na mbocht nó bhí fuath ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhaoghaill
    Inscne
    Baineann