Scoil: Cóguis (uimhir rolla 16135)
- Suíomh:
- An Chógais, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Seaghain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cóguis
- XML Leathanach 017
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)67. An té is fearr a bhéas liom an té is fearr a gheobhas roinn.
68. Déan deifir le solas na gréine.
69. Gheibh na ba bás fhad is bhíonn an féar ag fás.
70. Is maith an sgéalaidhe an aimsear.
71. Is námhaid an ceard gan a goghluim.
72. Caillfidh peacach amháin lucht luinge.
73. Faoillidh a mharbhuigheas caoirigh.
Márta a mharbhuigheas daoiní.
74. Sáruigheann sé ar an ruile an dá thraigh a fhreastal.
75. Is minic Dia go lá.
76. Pós bean sléibhe agus pósfaidh tú an sliabh uilig.
77. "Is cuma liom" arsa'n fear a chaill an leith-pgighinn.
78. An rud tchídh an leanbh ghnidh an leanbh.
79. Ní thuigeann an sáthach an sreng.
80. Maireann croidhe éadrom i bhfad.
81. Is olc an chearc nach críobann duithe féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Chuinnigeáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Cuinnigeáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanach, Co. Dhún na nGall