Scoil: Cóguis (uimhir rolla 16135)
- Suíomh:
- An Chógais, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Seaghain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cóguis
- XML Leathanach 092
- XML “Cailín Beag Suarach mé”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Cailín beag suarach mé chuaidh ó fá’n choill
Bhaint beartín luachra ba ghlaise gheobhainn ann
Cé thárla fa ruaig orm ach an buachaill deas donn
Rug sé níos ‘ [?] anuas orm ‘s d’fhág mo croidhe trom
II
Ca rabh d’fhiadhnaise ‘nuair sin a chailín deas donn
Mise ars ‘n dréolan ‘s mé go ceólmhar fá’n toin
Má gnidhim focal brúge go gcaillidh mé’n ceann
Ní rabh focal as a bhéilín ach éolaidh’s bhí lion
III
Nach meanra do’n eanlaith a éirigheas go n-árd
‘S codluigheas n-a dhiaidh sin ar aon chraobh amháin
Ní hé sin damh fein é’s do mo chead mhíle grádh
‘S fada ó na cheile bhíos ar n-éirighe gach lá.
IV
Nuair a éirighin ar maidin is paidir damh’n déor
Aríst ins an oidhche is leannaig damh’n brón
Tá gruaig ó mo chinn ag imtheacht mar cheó
‘S mar ghrean os cionn duibheagain tá m’aignead [gach ló V(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anna Ní Bheirn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic t Seáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall