Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 304
- XML “Cruatan an Bháis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cruaidhtean An Bháis
Scéal a fuaras ó Dhominic Ua Bheirn ar an Chomhguis, a fuair bás tuairim 15 bliadhain ó shon. Bhí sé ós cionn deich agus an trí scór d'aois go ndéanfaidh Dia trócaire ar a anam.
Nuair a bhí Naomh Pádraic ag glanadh na hÉireann bhí sé fhéin agus a ghiolla ag siubhal lá amháin. Labhair an giolla agus ar seisean "A Phádraic! an bhfeiceann tú dadaí romhamn sa tslighe? D'amharc Pádraic agus ar seisean "Tcím scáile mar bheadh scáile duine ann" "A Phádraic"! ars an giolla "cuir ceist air". Rinne Pádraic seo agus ar seisean "Mar duine thú a bhí ariamh ar an tsaoghal seo innis damhsa cé thú féin na cé'n t ainm a bhí ort"? Labhair an scáile agus ar sé. "Is mise Cormac Mac Airt, tá mé marbh le corradh agus dhá chéad bliadhan agus ní fhaca mé Dia na na Flaithis go fóill" Nuair a chualaidh Pádraic sin thainic an ionganntas air na chualaidh sé go minic ó thainic sé go hÉireann fa Chormac, an rí maith a bhí ann agus gur le na linn a thainic naoi gcno ar gach uile chraobh agus naoi gcraobh ar gach uile shlaith agus ar seisean leis "Agus caidé 'n fáth nach bfaca tú Dia na na Flaithis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Doimnic Ua Bheirn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Seoladh
- An Chógais, Co. Dhún na nGall