Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 278
  3. XML “Cill Chartha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cill Chartha
    Ní thig le duine theacht asteach na dul amach as Baile 'n Droichid gan a ghabháil anonn thar droichead. Nuair a théidheann sé trasna an ceann atá ag an ceann thíos den bhaile tá sé i gCill Chartha. O'n baile seo fuair an parróiste a ainm agus bheirtear an tainm sin anois ar Baile 'n Droichid i bhfuaim Béarla, Kilcar.
    Ar thaoibh malaidh sléibhe tá'n baile suidhte. Tá sean-bhealach ag dul suas fríd an bhaile ach is beag úsaid a gnídhthear de anois ó rinneadh an bealach úr ní b'ísle síos. Balfour's Line a bheirtear ar an bhealach seo siocair gur Balfour a thug an tairgead a rinne é nuair a bhí sé sa tír seo mar árd-rúnaidhe ag riaghaltas Shasana.
    Tá sean fothorach teampuill a tógadh ins an áit a thóg Cartha a chéad cill ach níl ann anois acht binn amháin agus píosa beaga de na ballaibh. Thart fa dtaoibh de tá sean roilig agus ins an roilig seo tá Catoilichig agus Prodústanaigh curtha. Bhí daoine dá chur annseo go dtí an bliadain 1860 nuair a rinne na Catoilicigh roilig úr i gCnoc Cartha. Ins an tsean roilig tá 'n Sagart Mac Giolla Cearr curtha, eisean a cur an ola ar an Spáinneach a dfág an t airgead aige le teach pobail a chur suas. Chuir sé suas an Teach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall