Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Árd an Rátha | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Chuaidh drong fear amach ar bhád uair amháin as a’ Machaire. Bhí siad ag iasgaireacht le baoite. Nuair a bhí siad amuigh ‘san fairrge ag Ceann Glinne, mhothuigh fear aca an-mheadhchan [an-mheadhachan?] ar cheann a ruaime. Scairt sé ar fhear cuiduigheadh leis. Ní thainig leo cibé rud a bhí ann a thabhairt leo. Scairt siad ar an tríomhadh fear acht ní rabh gar[?] ann, ní thainig le na dtrúir an t-an rud a chorrughadh.

Chuaidh ‘a rabh sa bhád i gceann na ruaime. Fuair siad leobhta é. Caidé bhí ann acht póta préataí. Chuaidh an dubhán i bfastodh ins an t-slait. Thainig an póta a’s oileán séanta ar tóin na fairrge móire.

Teanga
Gaeilge