Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)
- Suíomh:
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Caiside

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 308
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thainig bean aniar as Gleann – Gleann Colm Cille – lá amháin go h-Árd a’ Ráth. Chuaidh sí isteach i siopa agus dhíol sí gugan ime. Bhí paipéar donn a an chunntar agus nuair nach bfhacaidh sí a leithead ariamh rinne sí amach gur leathar a bhí ann. Cheannuigh sí adhbhar péire bróg de’n pháipéar. Chuaidh sí abhaile sásta go maith mar shíl sí go mbéadh péire saor bróg aicí. Fuair sí na bróga déanta. An chéad uair a chuir sí na bróga uirthi, ba lá fliuch a bhí ann agus leághadh iad ar a cosaibh. Thainig sí aniar gan mhoill agus fa choinne a chuid leathair. Ní rabh Gaedilg ag fear an t-siopa – gall a bhí ann creidimh. Dubhairt bean a’ Gleanna – agus ní rabh ach corr fhocal de dhroch Bhéarla aicc-se. “gim me my lathering”. Thosuigh fear an t-siopa leis an fhuip uirthi acht nior sheasuigh sí sin i bfhad gur scairt sí “do you mind the lathering ins an Fhoghmhar anuraidh, gugán mor Brídeóige a bhí ar an chunntar. [?] Lorgan[?] an ime.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Sheibhlin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 11
- Seoladh
- Tullycleave Beg, Co. Dhún na nGall