aca greim ar an chloich agus chaith sé thar an teach í agus rith sé thart acht ní thainig leis greim a fhághail uirthí sul a rabh sé ar thalamh. Arsa siad "ni thig liom sin a dheanaimh" agus annsin d'fhiafruigh siad an mbéadh sé i bhfad g' dtiochfadh Fionn abhaile arís. Bhí eagla ortha roimh Fhionn agus dubhairt siad go rabh sé comh maith dobhtha-san a bheith ag imtheacht. D'imigh an sluagh aca arís go dtí an tír da dtainig siad as.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »