Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 298

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 298

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd an Rátha
  2. XML Leathanach 298
  3. XML “Scéal fán Fhéinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí Fionn agus a chuideachta 'na gcomhnuidhe i gCéideadh. Tháinig fir ó tír eile le tóir a cur ortha. Ní rabh a fhios ag Fionn caidé dhéanfadh sé. Smaointigh sé ar [bh?]. D'iarr sé ar a chuid fear dhul ar shiúbhal 'na chruic agus go bhanfadh sé féin agus Oscar sa bhaile. Nuair a bhí na coimhighthighe ag teacht chuaidh Fionn isteach sa chliabhán agus chuir sé Oscar siar go dtí an Gleann leis na ba a bhuachailleacht. Tháinig na fir eile isteach agus d’iarr siad ar na mnáibh ca rabh Fionn agus an Fiann. Dubhairt na mná go rabh siad ar shiúbhal ‘na chruic. Chuaidh duine de’na fir go dtí an cliabhán agus cuir a mhéar isteach i mbéal Fhinn. Bhain Fionn an mhéar de, agus ar[?] an fhear “sin páiste maith atá agat”. “Tá sé maith go leor” ars an bhean. Annsin d’iarr siad ar na mnáibh dinnéar a dhéanamh réidh dobhtha. Rinne na mná arán agus chuir siad giota iarainn ann i nganfhios do na coimhighthighe agus nuair a bhí sé réidh shuidh na fir isteach chuig an tabla agus thosuigh ag ithe an aráin. Nuair a d’íosfadh siad giota de bhriseadh siad a gcuid fiacal agus arsa siad san “ní thig linn an t-arán seo a ithe”. Sin an cineál a itheann Fionn agus na fir eile nuair a bhíonn siad ‘sa bhaile ars an bhean. Caithhfidh muidsinne dinnéar de chineál éiginteacht eile a fhághail arsa na fir. D’iarr siad annsin ca rabh na ba. D’innis na mná dobhtha go rabh siad thiar in an Ghleann agus d’imthigh duine aca siar fa choinne buláin fa choinne dinnear a dhéanadh. Nuair a tháinig an fear go dtí Oscar arsa seisean “béidh ceann da na bulláin seo agam”. Ní bhéidh”, arsa Oscar. Fuair an fear greim ar cheann de h-adharcaibh an bhuláin agus fuair Oscar greim ar an cheann eile. Níor stad siad go dtí gur steall siad an bulán siar go ruball. Anois arsa an fear béidh an leath seo agam agus d’imthigh sé arais go dtí an teach go bhfuigheadh sé a dhinnéar. Nuair a bhí an dinnéar ithte aca, chuaidh siad amach. D’iarr siad annsin ar na mnaibh caidé ‘n cineál grinn a bhíodh ag Fionn nuair a bhíodh sé fa’n bhaile. Arsa na mná, “Bíonn sé ag caitheamh na cloiche sin thar mhullach an tighe agus gheibheann sé greim uirthí sul a mbhuaileann sí an talamh ar an taobh eile. Fuair fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Niallghuis
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Breacaigh, Co. Dhún na nGall