Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gasúr a bhí ann Fadó.Bhí gasúr beag ann aon uair amháin agus bhí a mhathair an olc dó. Chuireadh sí amach ar maidin é gan aon dáth acht cúpla préataí, agus bhíodh aige le dul chun na cnuic leis na ba a choimead. Lá amháin tháinig tarbh fhad leis, agus diarr air an aodharc deas a bhaint do, agus go bhfaghadh sé a sháith le h-ithe agus le h-ól ann. Rinne sé seo, agus fuair sé a sháith le h-ithe agus le h-ól ann. Chuir sé an adharc ar an tarbh ara[is] agus d'imthigh an tarbh suas an cnoc aríst. Nuair a bhí na ba a thabhairt abhaile, agus thug sé abhaile iad, agus fuair sé cúpla préataí mar gheibheadh sé i gcomnuidhe, agus cuireadh a luighe é. Cuireadh na shuidhe é go luath ar maidin lá thar na bharach agus b'éigean (agus) dó na bá a thabhairt 'un cnuic leis. Nuair a bhí sé tamaill ar an cnoc, tháinig an tarbh fhad leis airíst, agus fuair sé a sháith le h-i[the] agus le h-ól ann, agus chuir sé an ch[..?](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maigread Ní Seibhlín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Srath an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús O hAoidhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall