Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)
- Suíomh:
- Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Mhathúna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do dóghadh tigh comhnuidhte le Éamonn de Briotac i gCnoc na Madraí.”
Do dóghadh tigh comhnuidhte le Éamonn de Briotac i gCnoc na Madraí. Ní raibh aithne ar an nduine do dóig é. Bhíodar an-bhocht an uair sin agus fuaireadar a lán airgid ar a shon. Sar a bhfuaireadar é b'éigean do Éamonn ainm aon namhaid a bhí aige a rádh. An namhad a dubhairt sé do bheadh Gearród Ó Dáltún.
Do bhí beirt fhear ag troid i gCaisleán na Sléibhe. tar éis an aonaigh. Bhí a lán doine ó gach áit ag féachaint ortha, buachaillí agus gan aon bróga ortha. An beirt a bhí ag troid do b'eadh Pádraig Ó Sheaghdha agus Mícheál Ó Connaill. Chuaidh Ó Sheaghdha amach sa pháirc agus dubhairt "Seo Sheaghdha". Tháinigh Chonaill agus dubhairt "Seo Seacht" ag tabhairt buille dó. Annsan thosnaigh an troid idir an bheirt. Fuair Mícheál Ó Chonnaill an buadha mar fear an-láidir do.- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Deimhnis
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge