Do dóghadh tigh comhnuidhte le Éamonn de Briotac i gCnoc na Madraí. Ní raibh aithne ar an nduine do dóig é. Bhíodar an-bhocht an uair sin agus fuaireadar a lán airgid ar a shon. Sar a bhfuaireadar é b'éigean do Éamonn ainm aon namhaid a bhí aige a rádh. An namhad a dubhairt sé do bheadh Gearród Ó Dáltún. Do bhí beirt fhear ag troid i gCaisleán na Sléibhe. tar éis an aonaigh. Bhí a lán doine ó gach áit ag féachaint ortha, buachaillí agus gan aon bróga ortha. An beirt a bhí ag troid do b'eadh Pádraig Ó Sheaghdha agus Mícheál Ó Connaill. Chuaidh Ó Sheaghdha amach sa pháirc agus dubhairt "Seo Sheaghdha". Tháinigh Chonaill agus dubhairt "Seo Seacht" ag tabhairt buille dó. Annsan thosnaigh an troid idir an bheirt. Fuair Mícheál Ó Chonnaill an buadha mar fear an-láidir do.Donal Power