Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)
- Suíomh:
- Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Mhathúna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teigheann(?) na géana fiadhaine agus na cuirlúin isteach san bhfairrige nuair a bhíonn droch-aimsear ag teacht.Nuair a bhíonn na ba agus na chapill cois claidhe(?) sin chomharta fearthainne agus nuair a bhíonn siad amuich i lár na páirce sin comhartha aimsir breághtha.Nuair a bhíonn an ceó ag éirighe des na thairibh san Samhradh sin comhartha fearthainne. Nuair a bhíonn an deatach ag dul díreach go dtí an spéir sin comartha aimsir breághtha. Nuair a luigheann sé ar an dtalamh sin chomharta seaca.Nuair a bhíonn an súit ag tuitim síos ar an dteinteán sin comartha fearthainne. Bíonn dath gorm ins an dteine nuair a bhíonn fearthainn ag teacht agus uaireannta bíonn smearhóidí beaga ar na chorcáinibh.
- Bailitheoir
- Peigí Ní Deimhnis
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Deimhnis
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge