Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “Faoistin Shéumas Paor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1.
    Admhuím do Dia go fonnmhar fial, atá i bhFlaitheas go fíor-comharthach
    Do Mhuire 'na dhiaidh ba banaltra ag Dia
    Is do sheasaigh 'na Síor-óige
    Do'n Aingeal dá 'neís atá i bhFlaitheas
    'Na mhaor don bhaistightheoirí an Naomh Eoin bocht
    Do na h-apstail go léir i bhfarradh na naomh, do Pheadar is do Phól fós.
    2.
    Gur peacach mé féin go maluighthe claon iomadach
    Tré cealg mo chléibh, tré monabhar béil is gach obair nach cléir d'órduigh
    Monuar! mo phaidir! is tríom cionnta gan mhairg is fíor-mhórtus.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge